An Cor nach gCaster (Dráma Raidió) by Raidió na Life published on 2019-06-04T13:56:17Z Le himeachtaí achrannacha sa Tuaisceart mar chúlbhrat, tá an dráma seo lonnaithe i mBéal Feirste i rith na seachtóidí, agus bean tí sáite idir dhá campa dainséarach ar Bhóthar na bhFál. Tá sí ag iarraidh a clann a choinneáil slán, ach tá uirthi dul i ngleic le fórsaí cumhachtacha. Ó pheann an scríbhneora Feirstigh, Réaltán Ní Leannáin, is dráma léirsteanach agus dúghrinn é ‘An Cor nach gCastar’ a chíorann an scéal daonna, agus scéal na mban go háirithe, i dtréimhse eisceachtúil. Páirteach sa dráma, tá Máire Zepf, Seán Ó Muireagáin, Seán Mac Seáin, Kilian Zepf agus Séan Ó Meallaigh. Ina dteannta, tá aisteoirí óga ó Amharclann Aisling Óg i mBéal Feirste; Grace McElroy, Áine McCavana agus Ella Hughes. Is athshamhlú agus nascadh é an dráma idir cúpla scéal as an chnuasach ‘Dílis’, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i 2016. Is le tacaíocht ón scéim Fuaime agus Físe de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an clár seo, leis an táille ceadúnas teilifíse.