Aisling Dhorcha by craos published on 2015-07-10T20:59:13Z Liricí maidean im aonar i gcéin cois Féile d'amharcas thall ar an spéirbhean tréitheach d'éirigh ard gan scáth ná sceimhle anfa tréan do scaip ealtaí aosta, ba mar réaltaibh a léireacht, béal milisbhéalach, beola gan bhéime, níorbh fhada mé ag stánadh .gan traochadh, ar aoibhneas a aolchnis... tá Éire tréigthe tá eabhlóid éagtha tá aisling na daoirse ag iompair anró. ba íogair miangas an fhir óg ag cuimhneamh ar an ngile ins an rós an taiseacht is sneachta ina só ag faire air mar Bhillboard ba chíortha casta craobhach a bláthfholt dlaoitheach dréimreach, buí-chléibheach aerach péarlach gach dual ina slaodaibh a'filleadh anuas ba mhascalach búclach bachallach Í i gcorplár na péine ag lorg a gnaoi x 2 tá Éire tréigthe tá eabhlóid éagtha tá aisling daoirse ag iompair anró. do sheol sí uaithi a scáileacht go dall i dtreo na Láireach a háilleacht láin róscáfar mar bhrat Bhríde go rábach... seo braistint úrnua nár bhraith duine riamh seachas tusa corrabhuais in íochtar an bhoilg súile teilgthe i gcéin chó breoite le brionglóid na Banríona, cosa ag dul fé laistíos do dhroichead na Milaoise, réilthíní breac ag glioscarnaigh go mílítheach ar chraiceann na hoíche. tá Éire tréigthe tá eabhlóid éagtha tá aisling daoirse ag iompair anró. Craos rómhainn Craos Fúinn Craos Linn Craos Chughainn Craos os cionn Craos ar mo láimh dheas Craos ar mo lámh chlé Craos sna duánaibh Craos i ngach aon chroí Craos i ngach aon shúil Craos i ngach aon chluas Craos i ngach aon fhéith Craos Croim Craos im sheasamh dom Craos im luí Craos orainn. tá Éire tréigthe tá eabhlóid éagtha tá aisling daoirse ag iompair anró. Genre Hip Hop