Léacht Uí Chadhain 2016 - Joe Steve Ó Neachtain by Cultúr @ UCD published on 2017-09-26T11:56:35Z Ba é an t-aisteoir, an scríbhneoir agus an gníomhaí pobail ó Chonamara Joe Steve Ó Neachtain a thug Léacht Uí Chadhain 2016. Bá é teideal na cainte aige 'Ó Cadhain: An ag doras an bháis atá lorg a láimhe anois?' Tá Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheitligh agus an Bhéaloidis UCD an-bhuíoch d'Éilis Nic Aodhagáin as an bpíosa ceoil a chur ar fáil don réamhrá. *** Nuair a thosaigh Léacht Uí Chadhain sa bhliain 1980 anseo sa Choláiste Ollscoile mar chomóradh deich mbliana ar bhás Mháirtín Uí Chadhain (1905-70), duine de mhórscríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge, bhí sé i gceist: (i) go n-aithbhreithneofaí litríocht na Nua-Ghaeilge trí chéile agus (ii) go ndíreofaí go háirithe ar shaol agus ar shaothar Uí Chadhain. Le blianta beaga anuas, is mó a dhírigh léachtaí na sraithe ar an gcéad chuspóir acu seo, ach ba í an dara cuspóir cúram léacht na bliana seo ar 6 Deireadh Fómhair. Is ag teacht le Zeitgeist níos leithne, b’fhéidir, atá sí seo. Cuimhnímis air go bhfuil aird an phobail (idir náisiúnta agus idirnáisiúnta) dírithe arís ar Mháirtín Ó Cadhain a bhuíochas ar Ollscoil Yale a d’fhoilsigh dhá aistriúchán Bhéarla ar Cré na Cille, mar atá The Dirty Dust le Alan Titley (2015) agus Graveyard Clay le Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson (2016). Ina léirmheas ar an dara aistriúchán acu seo (Irish Times, 9 Aibrean 2016), bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Máirín Nic Eoin: '[T]he decision to commission two translations was a master stroke by Yale, as it avoids canonical status being attached to the first published English version and brings Cré na Cille to a worldwide readership in a manner that encourages ongoing engagement with the original text.' Cé fearr a d’fhillfeadh ar an bhfear féin agus ar a shaothar ná cainteoir na bliana seo, Joe Steve Ó Neachtain, scríbhneoir cruthaitheach a thuigeann idir íogaire agus áilleacht focal — saoirseacht focal más maith leat — agus í sin óna pheann agus óna bhéal. ‘Ó Cadhain: an ag doras an bháis atá lorg a láimhe anois?’ teideal léacht Joe Steve, agus labhair sé sa chéad chuid ar a thaithí phearsanta ar údar Cré na Cille, ag breacadh amach an sórt comhluadair agus an béaloideas saibhir a mhúnlaigh iad araon. Tá dúshlánacht iontuigthe sa teideal céanna, áfach, agus tháining na tuairimí dúshlánacha i ndara cuid na cainte. I measc nithe eile, loirg Joe Steve go neamhbhalbh go seasfaí leis an nGaeilge sa Ghaeltacht ainneoin na n-éachtaí atá déanta ar a son lasmuigh di. Cic sa tóin, dar leis, a bhí ag teastáil ó phobal na Gaeltachta féin i dtaobh cheist na teanga, ach d’áitigh sé ina theannta san go bhfuil faillí á déanamh ag gluaiseacht na Gaeilge trí chéile ar thobar beo na Gaeilge labhartha nach féidir déanamh dá éagmais. Lón machnaimh, is fíor! Íomhá le caoinchead Portráidí.ie. Máirín Seoighe a ghlac. Genre Learning