Léacht Uí Chadhain 1985 - Liam Ó Dochartaigh by Cultúr @ UCD published on 2021-10-18T10:01:51Z Léacht Uí Chadhain 1985: Cúis na Gaeilge - Cúis ar Strae. Liam Ó Dochartaigh. Sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thugtar Léacht Uí Chadhain gach bliain in ómós do dhuine de mhórscríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain (1906–1970). Ócáid is ea í a bhíonn dírithe d’aon turas ar an bpobal i gcoitinne agus ar lucht ollscoile. Tá an léacht féin ar cheann de na hócáidí is tábhachtaí i bhféilire Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD mar go dtugann sí deis don fhoireann teagmháil a dhéanamh le pobal Gaeilge na hardchathrach. Seo chugaibh an séú léacht a tugadh sa tsraith: Léacht Uí Chadhain 1985, arna tabhairt ag Liam Ó Dochartaigh. Tá an leabhar Léachtaí Uí Chadhain: Mórchnuasach in ómós do Mháirtín Ó Cadhain (1906-1970) arna chur in eagar ag an Dr Liam Mac Amhlaigh (NUIM) agus ag an Ollamh Comhlach Caoimhín Mac Giolla Léith (UCD) ar fáil ó clo.ie/ga/ Ceol le caoinchead Éilis Nic Aodhagáin. Íomhá ón suíomh beo.ie. Genre Learning