Liam Ó Muirthile - Oilithreach Pinn by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:29Z Shiúil Liam Ó Muirthile an Camino Francés as a chéile ó Saint-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostela i bhfómhar na bliana 2015. Leis féin a bhí sé agus a phaca ar a dhroim, ag fanacht sna tithe aíochta oilithreachta ar a thuras 770 km. Breacann sé an tírdhreach dúinn agus tráchtann sé ar na daoine a casadh air. Oilithreacht pinn agus fionnachtain phearsanta í seo ina roinneann sé linn a chuid smaointe féin ar an dtír a bhfuil dlúthcheangal sinseartha ag Éirinn léi agus a ndúirt an mórfhile Spáinneach Juan Ramón Jiménez ina taobh: ‘Trí chéile, is tír í an Spáinn atá fréamhaithe go domhain sa réadúlacht, tír bhréag-reiligiúnda í, tír Chaitliceach seachas Chríostaí, eaglasta seachas spioradálta, tír phréamhacha agus chos seachas sciatháin … ar an gcúis sin is dánta misteacha iad na liricí Spáinneacha is fearr: tugann siad faoin spéir, faoin eitilt.’ Coimeádann an t-údar a dhá chos ar an dtalamh, ach ó am go ham eitlíonn sé ar an gcuma Spáinneach. Á léamh ag Liam Ó Muirthile © Cois Life Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin atá an taifeadadh seo curtha ar fáil ag Cois Life. Is sárú cóipchirt aon chraolachán neamhúdaraithe, aon léiriú poiblí, aon chóipeáil, ataifeadadh nó teo-nascadh ar bith gan réamhchead an fhoilsitheora. Chun cead a iarraidh déantar teagmháil le eolas@coislife.ie. This recording is provided by Cois Life for personal use only. Any unauthorised broadcasting, public performance, copying, re-recording, or hot-linking will constitute an infringement of copyright. For permission requests please contact eolas@coislife.ie. Genre Audiobooks Contains tracks Oilithreach Pinn 1-3_Bayonne go Roncesvalles by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:29Z Oilithreach Pinn 4_Roncesvalles go Larasoaña by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:28Z Oilithreach Pinn 5-6_Larasoaña go Cirauqui by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:28Z Oilithreach Pinn 7-8_Cirauqui go Viana by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:27Z Oilithreach Pinn 9-11_Viana go Santo Domingo de la Calzada by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:26Z
Oilithreach Pinn 9-11_Viana go Santo Domingo de la Calzada by Cois Life published on 2017-08-04T20:47:26Z